Free delivery in the Republic of Ireland on orders over €50
045 482 777 email woodbinebooks@gmail.com
Mon-Sat: 10am - 5pm Closed Sundays and Bank Holidays
045 482 777 email woodbinebooks@gmail.com
Mon-Sat: 10am - 5pm Closed Sundays and Bank Holidays

An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine by Sinéad Ní Ráinne

18.00

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, baile ar oileán Gharmna i gCeantar na nOileán, mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Ní gan údar a tugtar an baile beag géimiúil air.

In stock

SKU: 9781784441999 Category: Tag:
Description

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, baile ar oileán Gharmna i gCeantar na nOileán, mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Ní gan údar a tugtar an baile beag géimiúil air.

Faoi chlúdaigh an leabhair seo, agus ar an dlúthdhiosca atá ag dul leis, tá sé amhrán déag a cumadh ar an mbaile nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbaile. Tá cuid acu i mbéal an phobail le fada an lá, leithéid ‘Amhrán an Bháthadh’ (nó ‘Amhrán na Trá Báine’ mar atá aithne ag go leor air), ‘Ócam an Phríosúin’ agus ‘Pluid Dhorcha Leára’.  Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, leithéid ‘Amhrán Tarpey’ agus ‘Bróga Khennedy’. Tá an greann agus an ghruaim ina n-orlaí tríd an gcnuasach seo, agus tá aiste chuimsitheach eolais ag dul le chuile amhrán maille le réamhrá a thugann a chúlra staire, cultúir agus eacnamaíoch.